Curriculum Vitae (Gaeilge)

Curriculum Vitae

Tá a shaol caite ag an Dr Donncha MacGabhann i gceantar tuaithe i gContae Luimnigh ​​(r. Cnoc Áine 1957), áit ar thóg sé féin agus a bhean Anita triúr clainne.
Seirbhíseach poiblí ab ea é ar feadh 35 bliain, mar mhúinteoir (agus mar Phríomhoide Cúnta) sa mheánscoil áitiúil. Bhí sé gníomhach i ngach gné de shaol na scoile, agus ba é a thug isteach an Idirbhliain ann.
Ag an leibhéal náisiúnta (CNCM, 1999), chabhraigh sé chun modúil den Ardteistiméireacht Fheidhmeach a fhorbairt, agus scrúdaitheoir náisiúnta a bhí ann.

Bhí poist samhraidh aige ar láithreáin tógála chun íoc as a chúrsa sa Choláiste Náisiúnta Corpoideachais (NCPE – Coláiste Thuamhan/OL).
Cháiligh sé ansin mar mhúinteoir i Scoil Ealaíne is Deartha Luimnigh (LSAD, 1982) agus ina dhiaidh sin rinne sé MA sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath (NCAD, 1998).
Tá saothair ealaíne dá chuid curtha ar taispeáint go forleathan in Éirinn agus thar lear, tá mórghradaim buaite ag a chuid saothar ealaíne agus tá saothair dá chuid i mbailiúcháin éagsúla (An Chomhairle Ealaíon, Dánlann Chathair Luimnigh, Dánlann Crawford, Corcaigh, srl.).

Ba chuid lárnach dá shaol riamh eagraíochtaí pobail agus cultúrtha, lena n-áirítear cóir, cumainn drámaíochta, cumainn ealaíon, oidhreachta agus staire, agus clubanna spóirt.
Bhí sé i measc na gceannairí nuair a rinneadh athfhorbairt mhór ar an bpáirc spóirt áitiúil (i bhfoirm chomharchumainn).
Chaith sé na blianta ag cóitseáil páistí bunscoile áitiúla agus bhí sé ina chóitseálaí/bhainisteoir ar fhoirne fásta éagsúla san iomáint, sa pheil agus sa rugbaí.
D’imir sé ar fhoireann mionúir Luimnigh agus bhuaigh Bonn Chraobh Shinsearach Peile Chlub na hÉireann le Coláiste Thuamhan (1978).

Tá sé i mbun staidéar mór le 20 bliain nach mór ar Leabhar Cheanannais (PhD Ollscoil Londan, 2016). Dála ambasadóir cultúrtha ar son na hÉireann, thug an taighde seo go dtí cuid d’ollscoileanna agus de leabharlanna móra an domhain é agus thug sé óráidí ag comhdhálacha móra idirnáisiúnta.

Gheofar a CV acadúil iomlán (foilseacháin san áireamh) ag: gospelbookofkells.ie agus sidestone.com/books/the-book-of-kells

Related Post