Litir do Mhuintir Uile na hÉireann
Cuid lárnach de m'fheachtas is ea imní mar gheall ar a shláintiúla atá ár ndaonlathas, agus go háirithe cibé an bhfuiltear ag cloí leis an mBunreacht.
Sainmhínítear sa Bhunreacht ár ndualgais agus ár gcearta mar shaoránaigh – níor cheart dúinn rud ar bith a dhéanamh riamh a bhainfeadh an bonn d’aon cheann díobh sin.
Cén fáth ar thóg sé breis is 40 bliain Leasú ar an mBunreacht a thiontú ina dhlí? Cá raibh cosantóirí ár mBunreachta?
In 2023, tiontaíodh ina dhlí ar deireadh leasú a rinneadh ar ár mBunreacht i 1979. Tugadh neamhaird ar feadh breis is 40 bliain ar chinneadh a bhí déanta ag muintir na hÉireann, go dtí gur éirigh le cás a thug céimí de chuid Ollscoil Luimnigh os comhair na Cúirte Uachtaraí; cinntítear leis sin go mbeidh toghcháin don Seanad níos daonlathaí amach anseo. An gá don ghnáthshaoránach cos a chur i dtaca le go léireofaí meas ar thoil an phobail?
Cén fáth a bhfuil an Chúirt Uachtarach ar tí cinneadh a dhéanamh faoi cibé an raibh gníomhartha an Rialtais ag teacht leis an mBunreacht? An é gur shocraigh lucht na cumhachta neamhaird a thabhairt ar an doiciméad lenar bunaíodh ár náisiún?
Tugadh cead le deireanas don Seanadóir Neamhspleách Gerard Craughwell a agóid a thabhairt os comhair na Cúirte Uachtaraí. Baineann sé seo le socrú a rinneadh an rialtas le stát eachtrach gan a théarmaí a chur os comhair na Dála, mar a cheanglaítear faoin mBunreacht. Ba cheart imní a bheith orainn!
Cén fáth a bhfuil an chosúlacht air go bhfuil cead ag ceann de na hinstitiúidí is mó cumhacht in Éirinn gníomhú le teann drochmheasa ar ár mBunreacht?
Tá iarrachtaí déanta sna blianta deireanacha ag Trinity College Dublin bac a chur le scoláireacht ar chuid de na seoda is breátha dá bhfuil againn, amhail Leabhar Cheanannais. Tagann sé sin salach ar chéad Airteagal an Bhunreachta, ina ndearbhaítear ceart náisiún na hÉireann ar a shaol cultúrtha a fhorbairt ‘de réir dhúchais is gnás a sinsear.’ Déanann an coláiste cinsireacht, leis, ar fhoilsiú taighde ar na seoda seo, rud a thagann salach go hiomlán ar ‘ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac.’ mar a shonraítear in Airteagal 40.
An seasfaidh duine ar bith an fód ar son ár gcearta Bunreachtúla?
Dhírigh an Tánaiste, Simon Harris, in 2022 ar ábhair a bhaineann le hinstitiúidí tríú leibhéal. Theip ar a iarrachtaí smacht éigin a chur ar rialachas Trinity College. Faigheann an coláiste na milliúin euro d’airgead cáiníocóirí, ach níl sé freagrach don Stát. Bunchlocha dár ndaonlathas is ea an chuntasacht agus an trédhearcacht, agus ní foláir gurb amhlaidh i gcás gach institiúide.
Oibreoidh mé chun ról an Uachtaráin mar chaomhnóir na Bunreachta a neartú.
Ar dhul i mbun oifige dó, geallann an tUachtarán ‘bunreacht na hÉireann a chaomhnú’ – ceapfaidh mé raon tionscnamh chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Oibreoidh mé chun fóram a bhunú ina bpléifear saincheisteanna Bunreachtúla. Mar Phatrún ar an bhfóram seo, iarrfaidh mé tuairimí ó gach cuid den tsochaí. Déanfar aithris dá réir ar ghnéithe den Choinbhinsiún ar an mBunreacht (2012-14) agus ar Thionól na Saoránach (2016-17), a tionóladh i dtaobh reifrinn in 2015 agus 2018. Ag an bhfóram seo pléifear ceisteanna a bhfuil tábhacht leo do shláinte iomlán ár gcóras daonlathach agus dá hinstitiúidí. Molaim an mana seo a leanas don fhóram seo: ‘Is é an Forairdeall Síoraí an Praghas a Chaithfear a Íoc ar an tSaoirse’
Oibreoidh mé chun feasacht ar ár mBunreacht a mhéadú.
Cuid lárnach de m’Uachtaránacht a bheidh ann feasacht agus meas ar an mBunreacht a mhéadú inár bpobail. Díreofar go háirithe ar theagmháil a dhéanamh le saoránaigh óga inár scoileanna agus inár gcoláistí. Tá súil agam go mbainfear cuid mhaith de seo amach trí cheiliúradh cruthaitheach agus léiriú ealaíonta.
Tá an daonlathas féin faoi bhagairt ó uasaicmí cumhachtacha in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.
Níl sna hábhair a luadh anseo ach samplaí de réimsí den saol agus den rialachas nár mhiste síorbhreithniú a dhéanamh orthu. Oibreoidh mé chun ceannaireacht a thabhairt trí bheith san airdeall chun ár mBunreacht agus ár ndaonlathas a chosaint.
Tá súil agam go dtabharfaidh mo sheasamh mar ghnáthshaoránach, nach ball den uasaicme pholaitiúil ná den bhunaíocht mé, spreagadh do shaoránaigh eile lena gcuid nirt féin a athaimsiú …
… agus ar shlí níos ginearálta, go músclóidh sé spiorad na gcomharchumann a bunaíodh i mblianta roimhe seo, de réir mar a fhéachaimid le sinn féin a chumhachtú chun dul i ngleic le ceisteanna móra na linne seo.
Tá céad bliain ann ó bhaineamar saoirse amach ach níor chóir talamh slán a dhéanamh de.
Níor cheart dúinn riamh ár maidí a ligean le sruth – i bhfocail an tírghráthóra Éireannaigh John Philpott Curran:
‘Is é an Forairdeall Síoraí an Praghas a Chaithfear a Íoc ar Shaoirse’
Ní ag an mbunaíocht ach ag na daoine atá ceannas –
‘Is é an Forairdeall Síoraí an Praghas a Chaithfear a Íoc ar an tSaoirse’
Donncha MacGabhann